An tAigéan Atlantach
aigéan idir an Eoraip, an Afraic agus Meiriceá
(Athsheolta ó An Aigéan Atlantach)
Clúdaíonn an tAtlantach (uaireanta an tAigéan Atlantach, nó An Fharraige Mhór) limistéar 100,000,000 km², agus é ar an dara haigéan is mó ar domhan ó thaobh acra de. Is ó scaradh mhór-roinne na hAfraice agus Mheiriceá na miliúnta bliain ó shin a cruthaíodh é. An doimhne is mó atá aige ná 9,560m (ag scoilt Phórtó Rícó atá sé seo). Ina lár tá sraith sléibhte fo-mhuireach, an Droim Lár-Atlantach.
Síneann an tAtlantach ón Eoraip siar go Meiriceá Thuaidh, agus ó dheas idir Meiriceá Theas agus an Afraic. Clúdaíonn an t-aigéan an limistéar ar fad ón Artach ó dheas go dtí Antartaice. An tAtlantach Thuaidh a thugtar ar an gcuid ó thuaidh ón Meánchiorcal, agus an tAtlantach Theas ar an gcuid ó dheas uaidh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchUimhir neamhdhleathachVicipéid:Lárionad comhphobailAn Dara Cogadh DomhandaJuan Antonio VillacañasEacnamaíochtMickey MouseVicipéid:Halla baileVicipéid:Séanadh ginearáltaVicipéid:Cúrsaí reathaAn tAontas EorpachRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:CabhairThe Brave Little ToasterLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (Cill Mhantáin)Derek MahonLíomhánAn VicipéidLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (Tiobraid Árann)Liosta Príomhscannáin DisneyOlltoghchán na Fraince, 2024An AstráilVicipéid:RéamhráLiúsRassemblement NationalLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (Lú)Catagóir:Páirtithe polaitíochta a bunaíodh sa bhliain 1972Catagóir:Rassemblement National1 IúilVicíCatagóir:1926Catagóir:1932OlacranónCatagóir:1923