Dick Gaughan
Ceoltóir, amhránaí agus scríbhneoir amhrán Albanach é Richard Peter Gaughan. Rugadh é ar 17 Bealtaine 1948.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Bealtaine 1948 76 bliana d'aois Glaschú, Scotland ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, giotáraí, cumadóir amhrán ![]() |
Seánra | Protest song (en) ![]() |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
Suíomh gréasáin | dickgaughan.co.uk ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |
A mhacacht
cuir in eagarRugadh Dick in Ospidéal Máithreachais Rottenrow i nGlaschú in Albain nuair a bhí a athair ag obair sa chathair sin mar thiománaí innill. Chaith sé a chéad bhliain go leith sa Rua-Ghleann i Sír Lannraig Theas, go dtí gur bhog an teaghlach go dtí Lite, caladh ar imeall Dhún Éideann.
Bhí Gaeilge na hAlban ag a mháthair ón gcliabhán. Bhain sí le muintir Dhòmhnaill i Loch Abar agus bhuaigh bonn airgid sa Mhòd sna 1930í. Rugadh a athair i Lite, agus ba Ghaeilgeoir is veidhlíneoir as Chontae Mhaigh Eo é a sheanathair ó thaobh a athar. Triúr clainne a bhí ann agus Dick ar an duine is sine acu, agus thug siad ceol na hAlban is na hÉireann leo. Bhí taithí acu ar an bhochtaineacht, agus d'fhág seo a rian ar shlí beatha Gaughan agus ar a chuid tuairimí polaitiúla.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-05-01. Dáta rochtana: 2009-07-26.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |