Eugene Paul Wigner
fisiceoir teoiriciúil Ungárach a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe
Fisiceoir teoiriciúil a rugadh i mBúdaipeist, a chaith a shaol i ndiaidh 1930 sna Stáit Aontaithe ab ea Eugene Paul Wigner (1902-1995).
Chuir sé le forbairt na fisice núicléiche is na teoirice candamaí. I 1927 thug sé coincheap imchoimeád na paireachta in imoibrithe núicléacha isteach.
Sna 1930idí chruthaigh sé go raibh raon gearr ag an bhfórsa núicléach láidir.
Chuir sé síos ar imoibrithe núicléacha athshondacha agus imchoimeád an mhóimintim uilligh sa ghuairne leictreonach. Roinn sé Duais Nobel san Fhisic sa bhliain 1963 le Maria Goeppert-Mayer is Hans Jensen.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eugene Paul Wigner". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 704.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
🔥 Top keywords: PitPríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáMeat Loaf (amhránaí)Speisialta:SearchAn Dara Cogadh DomhandaAn VicipéidSpeisialta:RecentChangesLiosta Príomhscannáin DisneyVicipéid:Séanadh ginearáltaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailVicipéid:CabhairLíomhánEncyclopædia BritannicaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRock DogVicipéid:Halla baileAn GhaeilgeVicipéid:Cúrsaí reathaAn tAontas EorpachAigéad carbocsaileachDé-ocsaíd sulfairScreamh cinnAn AstráilCatagóir:Gáis thionsclaíochaSpeisialta:MyTalkVicipéid:RéamhráBath OliverAn BéarlaF-ghásLáithreán GréasáinLá BealtaineVicipéidMínealaínGeorg Friedrich Bernhardt RiemannÉire