Forfhuarú
Fuarú leachtanna áirithe faoi bhun na teochta a luaitear mar reophointe an leachta sin, rud a tharlaíonn i gcuid mhaith próiseas nádúrtha is tionsclaíoch. Nuair a dhéantar é seo, staid éagobhsaí a bhíonn ann, agus má shuaitear an leacht seo athraíonn sé chuig an staid sholadach, atá cobhsaí ag an teocht sin. Tarlaíonn na coinníollacha i gcomhair an fhorfhuaraithe seo i gcruthú criostail oighir i scamaill, reo an uisce dhromchlaigh i locha, agus siocreo. Is núicléas éigin, páirteagail deannaigh mar shampla, a chuireann tús le hathrú an uisce fhorfhuaraithe chuig oighear. Is féidir le hábhair áirithe fanacht sa staid fhorfhuaraithe, mar a dhéanann gloiní ar leachtanna forfhuaraithe iad, bíodh is go bhfeidhmíonn siad mar sholaid bhuana.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Forfhuarú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:SearchSpeisialta:RecentChangesAn Dara Cogadh Domhanda2018 sa teilifísSouth Park: Bigger, Longer & UncutAn tAontas EorpachCatagóir:Contae Bhaile Átha CliathVicipéid:CabhairVicipéid:Séanadh ginearáltaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannAn GhaeilgeVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidFraxinus excelsiorVicipéid:Cúrsaí reathaCatagóir:Meánscoileanna i gContae Átha CliathÉire (Poblacht na hÉireann)An AstráilPlé:PríomhleathanachBaile Átha CliathBaile Átha Cliath Thiar-ThuaidhMickey MouseCatagóir:Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh3 IúilVicipéid:Halla baileLand use, land-use change, and forestrySpecial:SearchLiosta d’Impirí na RóimheRóisín ShortallCatagóir:Droichid i gContae Átha CliathCatagóir:Baile Átha Cliath Láir (Dáilcheantar)Fuaigh MòrFéin-fhrithchiallachÉireHipitéis substráit Ghaeilise