Hata
Ball clúdaigh don cheann (le tóin is bileog de ghnáth) is ea hata.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b5/Many_hats.jpg/150px-Many_hats.jpg)
Is iomaí cineál hata ann: Hata ard (síoda), hata bog (feilte), hata bádóra, hata cúil. Hata an tsagairt a thugtaí corruair ar an mbundún leice.[2]
Bhí hata Acla ann. Deirtear nach raibh ach hata amháin in Acaill fadó agus go mbíodh an hata sin le caitheamh ag an té a bheadh ag dul go tír mór aon lá áirithe.
Cáibín a thugtar ar sheanhata. Chuirfeá do lámh i do hata do dhuine a mbeadh ómós faoi leith agat dó.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Foclóir Beag: hata" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-12-11.
- ↑ 2.0 2.1 Seosamh Ó Cuaig (6 Meitheamh 2023). "NACH DEAS É? Hata bán a chur ar dhaoine…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-06.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:SearchAn Dara Cogadh DomhandaLiosta Príomhscannáin DisneyThe Brave Little ToasterVicipéid:Halla baileVicipéid:Séanadh ginearáltaSpeisialta:RecentChangesVicipéid:Lárionad comhphobailSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:CabhairAn VicipéidAn GhaeilgeAn tAontas EorpachÉireGoogle ChromeVicipéid:RéamhráComhriachtainScott DylanGaeilgeAMOCBee MovieDOISonia O'SullivanUrú na gealaíTheodor MommsenLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaPitÉire (Poblacht na hÉireann)Albert EinsteinGeingeas CánVicipéid:SíolBaile Átha CliathEncyclopædia Britannica