Ruth Negga

ban-aisteoir Éireannach

Is aisteoir Aetópach-Éireannach í Ruth Negga (/ˈneɪɡə/; a rugadh ar an 7 Eanáir 1982)[1]. Tá rólanna glactha aici sna scannáin Capital Letters (2004) (a scaoileadh mar Trafficked i roinnt tíortha), Isolation (2005), Breakfast on Pluto (2005) agus Warcraft (2016), [2] agus ar teilifís chomh maith, mar shampla ar an mion-sraith Criminal Justice de chuid an BBC, Love/Hate ó RTÉ, Misfits de chuid E4, agus Marvel's Agents of S.H.I.E.L.D ar ABC. Ghlac sí an príomhról mar Tulip O' Hare i Preacher ar AMC sa bhliain 2016.

Infotaula de personaRuth Negga

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Bealtaine 1981
43 bliana d'aois
Adas Ababa Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
British American Drama Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht, scannán, teilifís agus amharclannaíocht
Gairmban-aisteoir, aisteoir stáitse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2004 –
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáirtíDominic Cooper Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1550948 Allocine: 136344 Rottentomatoes: celebrity/ruth_negga Allmovie: p447574 TCM: 9548836 Metacritic: person/ruth-negga TV.com: people/ruth-negga IBDB: 527890 AFI: 339973
Instagram: negga.ruth Cuir in eagar ar Wikidata

Mar gheall ar a cuid oibre mar Mildred Loving sa scannán Loving (2016), ainmníodh Negga do na duaiseanna seo a leanas: Academy Award for Best Actress, Golden Globe Award for Best Actress in a Motion Picture - Drama, Independent Spirit Award for Best Female Lead, Critics' Choice Movie Award for Best Actress agus bhuaigh sí gradam Irish Film and Television Award (IFTA) don Aisteoir is Fearr, chomh maith leis an ngradam BAFTA Rising Star Award.

Saol a hóige agus oideachas

cuir in eagar

Rugadh Negga i 1982 in Adas Ababa, an Aetóip,[3] b'Éireannach í a mháthair, Norra, agus b'Aetópach é a hathair, an Dr. Negga. Bhuail a tuismitheoirí le chéile nuair a bhí a mháthair ag obair mar altra san Aetóip.[4] Bhí cónaí ar Negga sa tír sin go dtí go raibh sí ceithre bliana d'aois. Is páiste aonair í. Fuair a hathair bás mar gheall ar thimpiste ghluaisteáin nuair a bhí sí seacht.[5] Tógadh i Luimneach, Éire í, anois tá cónaí uirthi i Londain ó 2006.[6][7]

Rinne Negga staidéar ag Ionad Samuel Beckett ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,[8] áit a bhain sí céim BA i Staidéar Aisteoireachta amach.[9]

A gairm proifisiúnta

cuir in eagar

Rinne Negga a céad ról ar scáileán sa scannán Éireannaigh Capital Letters (2004), ag glacadh an phríomhróil mar Taiwo. Ghlac sí an phríomhróil mar Mary i Isolation an bhliain dár gcionn. Roimhe seo, bhí sí ag obair den chuid is mó san amharclann.[10] Tar éis do aisteoireacht Negga a fheiceáil, d’athraigh an stiúrthóir Neil Jordan an script Breakfast on Pluto ionas go bhféadfadh sí a bheith sa scannán.[11] Ina theannta sin, ba phríomhaisteoir í sa scannán Color Me Kubrick (2005), le John Malkovich, agus sna gearrscannáin The Four Horsemen, 3-Minute 4-Play agus Stars .  

Negga ag Féile Cannes i 2016

Ar an teilifís ghlac Negga páirt in Dochtúirí, Criminal Justice agus sa tsraith Éireannaigh Love is the Drug. Ghlac sí an phríomhróil mar Doris "Sid" Siddiqi sa tsraith BBC Three Personal Affairs, in éineacht le Laura Aikman, Annabel Scholey agus Maimie McCoy.[12] Léirigh Nessa an charactair Rosie sa chéad dá sraith de Love/Hate.[11]

Rinne Negga páirt Dame Shirley Bassey i léiriú an BBC darb ainm Shirley sa bhliain 2011 agus bhuaigh sí gradam an IFTA Aisteoir is Fearr (Teilifís) as a cuid oibre. Ina measc a saothar amharclainne tá a cuid róil in Lacha, inTitus Andronicus agus in Lay Me Down Softly.[13] Ó 2007 amach, thosaigh sí ag obair leis an ngrúpa amharclainne Éireannaigh Pan Pan Theatre. Sa bhliain 2010, rinne sí páirt Ophelia sa léiriú Hamlet san Amharclann Náisiúnta. Chomh maith leis sin, chuir sí a guth ar fáil san fhíschluiche, Dark Souls II, le haghaigh an róil Shanalotte, nó an "Emerald Herald" mar is fearr aithne uirthi.

Sa bhliain 2013, fógraíodh go raibh Negga curtha in áirithe le haghaidh ról reatha mar Raina sa tsraith theilifíse Meiriceánach Agents of S. H. I. E. L. D..[14][15] Tá sí le feiceáil i 17 eipeasóid an chláir.[11] Ghlac sí páirt sa scannánSteve McQueen 12 Years a Slave a bhuaigh gradaim Oscar, ach faoi dheireadh gearraíodh a ról as an scannán.[16] I mí Márta 2015, fuair Negga an ról Tulip O'Hare sa tsraith drámaíochta Preacher de chuid AMC, a bhí ar an scáileán an bhliain ina dhiaidh sin.[17]

Sa bhliain 2016, ghlac Negga an phríomhróil in Loving, a léiríodh den chéad uair i bhFéile Scannánaíochta Cannes 2016 agus ina dhiaidh sin ag Féile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Toronto.[11][18] Tá an scannán bunaithe ar fíorscéal na Lovings, lánúin pósta idirchiníoch i Virginia i rith na 1950idí agus na 1960idí, agus an cinneadh Supreme Court Loving v. Virginia mar thoradh a gcaidrimh. Fuair Negga ardmholadh le haghaidh a cuid oibre sa scannán seo,[11] [19]agus thuill sí go leor ainmniúcháin, lena n-áirítear the Academy Award for Best Actress, the Golden Globe Award for Best Actress in a Motion Picture – Drama, agus the BAFTA Rising Star Award.[20][21]

Saol pearsanta

cuir in eagar

Bhí Negga i gcaidreamh leis an aisteoir Dominic Cooper ó 2010. Bhí an bheirt acu ina gcónaí le chéile i Londain ar Chnoc Primrose.[11][22] Bhí siad ag siúl amach ar feadh sé bliana; ach chuir Negga in iúl gur thóg lucht an preas cúpla blianta chun foghlaim go raibh deireadh leis an gcaidreamh, leis an gcéad tuairisc i mí Aibreáin 2018.[23][24] Tá Negga ag obair os coinne Cooper sa tsraith Preacher ar AMC, ina bhfuil léiríonn siad lánúin, agus dúirt sí gur dlúthchairde iad.[24]

  • Duck (mar Cat): Traverse Theatre, Dún Éideann (2003)
  • Phèdre (mar Aricia): Amharclann Náisiúnta Ríoga, Londain (2009)
  • Hamlet (mar Ophelia): Amharclann Náisiúnta Ríoga, Londain (2010/11)
  • Playboy of the Western World (mar Pegeen Mike): Amharclann Old Vic, Londain (2011)
  • Hamlet (mar Hamlet): Gate Theatre, Baile Átha Cliath (2018)

Scannánliosta

cuir in eagar
BliainTeidealRólNótaí
2004Capital LettersTaiwo
2005Breakfast on PlutoCharlie
2005IsolationMary
2005Colour Me KubrickLolita
2012The SamaritanIris
2013World War ZWHO doctor
201312 Years a SlaveCelesteRadharc ar lár[16]
2013Jimi: All Is by My SideIda
2014NobleJoan
2014Of Mind and MusicJessica
2015IonaIona
2016LovingMildred Loving
2016WarcraftQueen Taria
2019Ad Astra
BliainTeidealRólNótaí
2004DoctorsWanda HarrisonEipeasóid: "The Replacement"
2004Love is the DrugLisa Sheerin4 eipeasóid
2008Criminal JusticeMelanie LloydPríomhróil (sraith 1)
2009Personal AffairsDoris "Sid" SiddiqiPríomhróil
2010Five DaughtersRochelleMionsraith teilifíse
2010–2011Love/HateRosiePríomhróil (sraith 1-2)
2010MisfitsNikkiRól reatha (sraith 2)
2010The NativityLeahPríomhról
2011ShirleyShirley BasseyScannán teilifíse
2012Secret StateAgnes EvansMionsraith teilifíse
2013–2015,

2018
Agents of S.H.I.E.L.D.RainaRól reatha (sraith 1-2)

Aoiróil (sraith 5)
2016–2019PreacherTulip O'HarePríomhróil

léiritheoir feidhmiúcháin freisin

Físchluichí

cuir in eagar
BliainTeidealRól
2014Dark Souls IIShanalotte (Emerald Herald)

Duaiseanna agus ainmniúcháin

cuir in eagar

Bhí Nega ainmnithe mar an Most Promising Newcomer 2003 ag na gradaim Olivier.[6] Bhí sí roghnaithe mar Shooting Star na hÉireann sa bhliain 2006 ag Féile Scannánaíochta Bheirlín.[10] Fuair sí go leor gradaim le haghaidh a ról mar Mildred Loving sa scannán Loving, lena n-áirítear Academy Award, Critic's Choice, agus ainmnúcháin Golden Globe Award le haghaidh Best Actress.

BliainAssociationCategóirSaotharTortha
2005Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Supporting Role – FilmBreakfast on PlutoAinmnithe
Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Lead Role – FilmIsolationAinmnithe
2011Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Supporting Role – TelevisionLove/HateAinmnithe
2012Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Supporting Role – TelevisionMisfitsAinmnithe
Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Lead Role – TelevisionShirleyBuaite
Royal Television SocietyRTS Television Award for Best Actor (Female)[25]ShirleyAinmnithe
Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Supporting Role – TelevisionSecret StateAinmnithe
2015British Academy Scotland AwardsBest Actress in FilmIonaAinmnithe
London Film Critics Circle AwardsBritish/Irish Actress of the YearLoving and IonaAinmnithe
2016New York Film Critics OnlineBest Breakthrough PerformerLovingBuaite
African-American Film Critics AssociationBest ActressBuaite
Alliance of Women Film JournalistsBest ActressBuaite
Black Reel AwardsOutstanding ActressBuaite
Palm Springs International Film FestivalRising Star AwardBuaite
Santa Barbara International Film FestivalVituosos AwardBuaite
Satellite AwardsBest Actress (cothrom sa chéad áit le Isabelle Huppert)Buaite
Academy AwardsBest ActressAinmnithe
AACTA International AwardsBest ActressAinmnithe
Austin Film Critics AssociationBest ActressAinmnithe
BAFTA Rising Star AwardBAFTA Rising Star AwardAinmnithe
Critics' Choice Movie AwardsBest ActressAinmnithe
Dallas–Fort Worth Film Critics Association AwardsBest ActressAinmnithe
Detroit Film Critics Society AwardsBest ActressAinmnithe
Florida Film Critics Circle AwardsBest ActressAinmnithe
Golden Globe AwardsBest Actress in a Motion Picture – DramaAinmnithe
Gotham Independent Film AwardsBest ActressAinmnithe
Independent Spirit AwardsBest Female LeadAinmnithe
London Film Critics Circle AwardsBritish/Irish Actress of the YearAinmnithe
NAACP Image AwardsOutstanding Actress in a Motion PictureAinmnithe
Online Film Critics Society AwardsBest ActressAinmnithe
San Diego Film Critics Society AwardsBest ActressAinmnithe
San Francisco Film Critics Circle AwardsBest ActressAinmnithe
St. Louis Gateway Film Critics Association AwardsBest ActressAinmnithe
Washington D.C. Area Film Critics AssociationBest ActressAinmnithe
Irish Film & Television AcademyBest Actress in a Supporting Role – DramaAgents of S.H.I.E.L.D.Ainmnithe
  1. "Ruth Negga" (en). www.goldenglobes.com. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  2. Donald Clarke. "Oscars 2017: Ruth Negga nominated for best actress award" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  3. "Africa from A to Z: Fast facts on the 55 states - South Africa Gateway". web.archive.org (2017-12-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-12. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  4. "'Always a star in the family': Ruth's Oscar bid". www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  5. "Ruth Negga, a star without a label - the European magazine ~ Cafebabel". web.archive.org (2009-05-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-05-29. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  6. 6.0 6.1 Phil Hoad (2006-01-08). "Rising star: Ruth Negga, actor" (en-GB). The Observer. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  7. Alan Owens, "Ruth réalta ar an ardú le BBC" Curtha i gcartlann 2014-01-06 ar an Wayback Machine, Limerick Leader, 20 Lúnasa 2011.
  8. "Ruth Negga • Actriz" (es). Cineuropa - lo mejor del cine europeo. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  9. "BBC - Press Office - P.A.s cast have Secs Appeal on BBC Three". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  10. 10.0 10.1 Cineuropa – Agallaimh – Ruth Negga, Aisteoir. Cineuropa.org.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 11.4 11.5 "How Oscar-tipped Ruth Negga's star has finally ascended..." (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  12. "P. A. s caitheadh tá Ailt Achomharc a dhéanamh ar BBC Trí". BBC Oifig Phreas. 2 meitheamh 2008.
  13. "National Theatre : Company Members : Ruth Negga". web.archive.org (2009-05-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-05-29. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  14. Nellie Andreeva, Nellie Andreeva (2013-09-18). "Jere Burns Upped On ‘Justified’, Michael Rispoli, Ruth Negga, Danielle Nicolet In Arcs" (en). Deadline. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  15. "Declassifying Marvel's Agents of S.H.I.E.L.D. Ep. 105: Girl in the Flower Dress | Avengers | News | Marvel.com". web.archive.org (2013-10-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-10-13. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  16. 16.0 16.1 Donald Clarke Cannes. "Negga’s ‘Loving’ performance already generating Oscar buzz" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  17. Patrick Cooper (2015-03-18). "First Casting Announcement for AMC’s “Preacher”!" (en-US). Bloody Disgusting!. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  18. "Ruth Negga portrays civil rights activist Mildred Loving". Toronto Star, 10 Mí na Samhna 2016, lth. E1.
  19. "Bheadh Oscar tuillte go maith ag Ruth Negga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  20. Guardian film (2017-01-24). "Oscar nominations 2017: the full list" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  21. "Ruth Negga continues her successful award season run with yet another honour" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-03-14.
  22. "Irish actress Ruth Negga and Dominic Cooper make rare public appearance at Warcraft premiere" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  23. "Dominic Cooper, Ruth Negga Split After 8 Years Together" (en-US). Us Weekly (2018-04-05). Dáta rochtana: 2019-03-14.
  24. 24.0 24.1 Marie Claire (2018-08-08). "Ruth Negga Talks Diversity, Hamlet And Her Split From Dominic Cooper" (en-US). Marie Claire. Dáta rochtana: 2019-03-15.
  25. "RTS Programme Awards 2012" (en). Royal Television Society (2012-09-05). Dáta rochtana: 2019-03-15.